+Airteagal 306 1.

Airteagal 306 1.

Cuirfidh institiúid an láimhseáil a leanas i bhfeidhm ar a ►C9  neamhchosaintí ◄ trádála ar chontrapháirtithe lárnacha:

(a) 

cuirfidh sí ►C9  ualach riosca ◄ 2 % i bhfeidhm maidir le luachanna ►C9  neamhchosanta ◄ a ►C9  neamhchosaintí ◄ trádála uile le contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha;

(b) 

cuirfidh sí i bhfeidhm an ►C9  t-ualach riosca ◄ a úsáidtear don Chur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa a leagtar amach in Airteagal 107(2)(b) ar a ►C9  neamhchosaintí ◄ trádála uile le contrapháirtithe lárnacha neamhcháilitheacha.

▼M8

(c) 

i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach nach bhfuil sé de cheangal ar an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach, féadfaidh an institiúid sin luach ►C12  neamhchosainta ◄ na ►C12  neamhchosainta ◄ trádála ar an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach, féadfaidh sí an luach sin a shocrú ag nialas;

▼M8

(d) 

i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach go bhfuil sé de cheangal ar an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach, féadfaidh an institiúid sin an láimhseáil i bpointe (a) nó i bpointe (b), de réir mar is infheidhme, a chur i bhfeidhm ar an ►C12  neamhchosaint ◄ trádála ar an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.