+Airteagal 314 6.

Airteagal 314 6.

Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhpháirt airgeadais i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

FC = TC + BC

i gcás inarb amhlaidh gur:

FC

= an chomhpháirt airgeadais;

TC

= comhpháirt an leabhair trádála, arb é meán bliantúil na luachanna absalóideacha glanbhrabúis nó glanchaillteanais é, de réir mar is infheidhme, ar leabhar trádála na hinstitiúide thar na 3 bliana airgeadais deireanacha roimhe sin é, arna chinneadh mar is iomchuí i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta nó i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal I, Caibidil 3, lena n-áirítear ó shócmhainní trádála agus dliteanais trádála, ó chuntasaíocht fálaithe agus ó dhifríochtaí malartaithe;

BC

= comhpháirt an leabhair baincéireachta, arb é meán bliantúil na luachanna absalóideacha glanbhrabúis nó glanchaillteanais thar na 3 bliana airgeadais deireanacha roimhe sin é, de réir mar is infheidhme, ar leabhar neamhthrádála na hinstitiúide, lena n-áirítear ó shócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús agus trí chaillteanas, ó chuntasaíocht fálaithe, ó dhifríochtaí malartaithe, agus ó ghnóthachain agus caillteanais réadaithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais airgeadais nach dtomhaistear ar luach cóir trí bhrabús agus trí chaillteanas.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.