+Airteagal 325bi 2.

Airteagal 325bi 2.

San áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 beidh gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid rialaithe phriacail neamhspleách araon. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe ►C12  riosca ◄ ar a laghad uair amháin sa bhliain. Déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas san athbhreithniú:

(a) 

leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bainistíochta ►C12  riosca ◄ agus eagrúchán an aonaid rialaithe phriacail;

(b) 

bearta ►C12  riosca ◄ a chomhtháthú leis an mbainistíocht phriacail laethúil agus sláine an chórais faisnéise bainistíochta;

(c) 

na próisis atá in úsáid ag an institiúid chun na samhlacha phraghsála ►C12  riosca ◄ agus córais luachála atá in úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige a fhormheas;

(d) 

raon feidhme na ►C12  riosca ◄ arna ngabháil ag an tsamhail, cruinneas agus oiriúnacht an chórais tomhais ►C12  riosca ◄ agus bailíochtú aon athruithe suntasacha ar an tsamhail inmheánach tomhais ►C12  riosca ◄ ;

(e) 

beachtas agus iomláine na sonraí suímh, beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaoil, beachtas na ríomhanna luachála agus íogaireachta maidir le ►C12  riosca ◄ agus beachtas agus oiriúnacht maidir le soláthar ionadach sonraí sa chás nach leor na sonraí atá ar fáil chun an ceanglas a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh;

(f) 

an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun aon cheann dá samhlacha inmheánacha tomhais ►C12  riosca ◄ a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin;

(g) 

an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar cheanglais chúltástála agus ar cheanglais aitreabúideachta brabúis agus caillteanais a dhéantar chun measúnú a dhéanamh ar bheachtas na samhlacha inmheánacha tomhais ►C12  riosca ◄ ;

(h) 

i gcás go ndéanann gnóthas tríú páirtí an t-athbhreithniú i gcomhréir le pointe (h) de mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonann an fíorú a leagtar amach leis an bpróiseas bailíochtaithe inmheánach in Airteagal 325bj a chuspóirí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.