+Airteagal 378 ►C9Riosca◄socraíochta/seachadta

Airteagal 378 ►C9Riosca◄socraíochta/seachadta

Airteagal 378

►C9  Riosca ◄ socraíochta/seachadta

I gcás ina bhfuil ionstraimí fiachais, cothromas, airgeadraí eachtracha agus tráchtearraí atá in idirbheart, cé is moite d'idirbhearta athcheannaigh agus d'idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, neamhshocraithe tar éis a ndátaí seachadta dlite, déanfaidh institiúid an difríocht sna praghsanna ar a bhfuil sí ar ris a ríomh.

Déantar an difríocht sna praghasanna a ríomh mar an difríocht idir an praghas socraíochta arna aontú i leith na hionstraime fiachais, an chothromais, an airgeadra eachtraigh nó an tráchtearra atá i gceist agus a luach reatha margaidh, i gcás ina bhféadfadh caillteanas don institiúid chreidmheasa a bheith mar thoradh ar an difríocht.

Déanfaidh an institiúid an difríocht sin i bpraghsanna a iolrú faoin bhfachtóir iomchuí sa cholún deas de Thábla 1 a leanas, d'fhonn ceanglas cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh ►C9  riosca ◄ socraíochta a ríomh.



Tábla 1

Líon na laethanta oibre tar éis an dáta socraíochta dhlite

(%)

5 — 15

8

16 — 30

50

31 — 45

75

46 nó níos mó

100

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.