+Airteagal 382 4.

Airteagal 382 4.

Eisiafar na hidirbhearta seo a leanas ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ CVA.

(a) 

idirbhearta le contrapháirtithe neamhairgeadais mar atá sainmhínithe i bpointe (9) d'Airteagal 2 i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó le contrapháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i dtríú tír, i gcás nach sáraíonn na hidirbhearta sin an tairseach imréitigh mar atá sonraithe in Airteagal 10(3) agus (4) den Rialachán sin.

▼M19

(aa) 

idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe neamhairgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i) 

áirítear an institiúid agus na contrapháirtithe neamhairgeadais sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2;

(ii) 

tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca; agus

(iii) 

tá na contrapháirtithe neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá siad bunaithe i dtríú tír, tá gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4c maidir leis an tríú tír sin;

▼M19

(b) 

idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, institiúidí airgeadais nó gnóthais seirbhísí coimhdeacha atá bunaithe san Aontas nó atá bunaithe i dtríú tír a chuireann ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm maidir leis na contrapháirtithe airgeadais, na hinstitiúidí airgeadais nó na gnóthais seirbhísí coimhdeacha sin atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, mura rud é go nglacfaidh Ballstáit dlí náisiúnta lena gceanglaítear deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta, agus sa chás sin féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go n-áireofar na hidirbhearta sin laistigh de ghrúpa idir na heintitis atá deighilte go struchtúrtha sna ceanglais cistí dílse;

▼B

(c) 

idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 89 (1)den Rialachán sin go dtí go scoirfear de na forálacha idirthréimhseacha sin a chur i bhfeidhm;

▼C2

(d) 

idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus idirbhearta le contrapháirtithe a sonraítear, maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ ar na contrapháirtithe sin, ualach ►C9  riosca ◄ 0 % ina leith le hAirteagal 114(4) agus le hAirteagal 115(2) den Rialachán seo.

An díolúine ón táille ►C9  riosca ◄ CLC maidir leis na hidirbhearta sin dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a dhéanfar le linn na hidirthréimhse atá leagtha síos in Airteagal 89 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh feidhm aici fad a mhaireann conradh an idirbhirt sin.

Maidir le pointe (a), i gcás ina scoireann institiúid de dhíolúine a bheith aici tríd an tairseach díolúine a thrasnú nó mar gheall ar athrú sa tairseach díolúine, leanfaidh conarthaí atá gan íoc de dhíolúine a bheith acu go dtí dáta a n-aibíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.