+Airteagal 383a 3.

Airteagal 383a 3.

Comhlíonfaidh institiúid a úsáideann samhail rialála CVA na ceanglais cháilíochtúla uile seo a leanas:

(a) 

tá an tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 mar chuid de chóras bainistíochta riosca CVA inmheánach na hinstitiúide, a bhfuil sainaithint, tomhas, bainistíocht, formheas agus tuairisciú inmheánach CVA agus riosca CVA chun críoch cuntasaíochta, mar chuid de;

(b) 

tá próiseas i bhfeidhm ag an institiúid chun comhlíontacht le tacar doiciméadaithe de bheartais, rialuithe, measúnú ar fheidhmíocht samhla agus nósanna imeachta inmheánacha a bhaineann leis an tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú;

(c) 

beidh aonad bailíochtaithe neamhspleách ag an institiúid atá freagrach as fíorú éifeachtach tosaigh agus leanúnach na samhla neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo; beidh an t-aonad sin neamhspleách ó chreidmheas gnó agus aonaid trádála, lena n-áirítear an t-aonad dá dtagraítear in Airteagal 383(1), pointe (a), agus tuairisceoidh sé go díreach don ardbhainistíocht; beidh líon foirne leordhóthanach ag an aonad ag a bhfuil an leibhéal scileanna is iomchuí maidir leis an gcríoch sin a chomhlíonadh;

(d) 

beidh an bhainistíocht shinsearach rannpháirteach, ar bhealach gníomhach, sa phróiseas rialaithe riosca agus measfaidh siad go bhfuil rialú riosca CVA mar ghné riachtanach den ghnó, agus nach mór acmhainní a shannadh dó;

(e) 

déanfaidh an institiúid an próiseas maidir le bailíochtú tosaigh agus bailíochtú leanúnach na samhla neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú chuig leibhéal mionsonraithe a chuirfeadh ar chumas tríú páirtí tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na samhlacha, na teorainneacha agus na príomhthoimhdí a bhaineann leo, agus an anailís a athchruthú; leagfar amach sa doiciméadacht sin an íosmhinicíocht lena ndéanfar bailíochtú leanúnach, chomh maith leis na himthosca eile, amhail athrú tobann in iompraíocht an mhargaidh, mar shampla, – faoina ndéanfar bailíochtú breise; tabharfar tuairisc sa doiciméadacht ar an gcaoi a ndéantar an bailíochtú maidir le sreafaí sonraí agus punanna, ar na hanailísí a úsáidtear agus ar an gcaoi a gcruthaítear punanna contrapháirtithe;

(f) 

déanfar na samhlacha praghsála a úsáidtear sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 maidir le cás áirithe d’fhachtóirí riosca margaidh ionsamhlaithe a thástáil in aghaidh tagarmharcanna neamhspleácha iomchuí le haghaidh raon leathan staideanna margaidh mar chuid de phróiseas bailíochtaithe tosaigh agus leanúnach na samhla; tabharfar fáthanna sna samhlacha praghsála le neamhlíneacht luacha rogha maidir le fachtóirí riosca margaidh;

(g) 

is é próiseas inmheánach iniúchóireachta na hinstitiúide a dhéanfaidh athbhreithniú neamhspleách ar chóras inmheánach bainistithe riosca CVA na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar bhonn tráthrialta; áireofar san athbhreithniú sin gníomhaíochtaí an aonaid dá dtagraítear in Airteagal 383(1), pointe (a), agus gníomhaíochtaí an aonaid bailíochtaithe neamhspleách dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo;

(h) 

léireofar téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart agus comhaontuithe corrlaigh ar bhealach tráthúil, iomlán agus coimeádach sa tsamhail rialála CVA a úsáideann an institiúid chun an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe dá dtagraítear i mír 1 a ríomh; coinneofar na téarmaí agus sonraíochtaí i mbunachar sonraí slán a bheidh faoi réir iniúchadh foirmiúil agus tréimhsiúil; beidh tarchur téarmaí idirbheart agus sonraí na sonraíochtaí agus comhaontuithe corrlaigh chuig an tsamhail neamhchosanta faoi réir iniúchadh inmheánach, agus beidh próisis réitigh fhoirmiúla i bhfeidhm idir an tsamhail inmheánach agus córais na sonraí foinseacha lena fhíorú ar bhonn leanúnach go léirítear téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart agus comhaontuithe corrlaigh i gceart, nó go coimeádach ar a laghad, sa chóras neamhchosanta;

(i) 

na hionchuir sonraí margaidh reatha agus stairiúla a úsáideann an institiúid sa tsamhail chun an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, gheofar iad go neamhspleách ar na línte gnó agus cuirfear iad sa tsamhail sin ar bhealach tráthúil agus iomlán, agus coinneofar iad i mbunachar sonraí slán atá faoi réir iniúchadh foirmiúil agus tréimhsiúil; beidh próiseas sláine sonraí dea-fhorbartha ag institiúid chun breathnóireachtaí sonraí míchuí a láimhseáil; i gcás ina bhfuil an tsamhail ag brath ar sheachshonraí margaidh, dearfaidh institiúid beartais inmheánacha chun seachshonraí margaidh a shainaithint agus taispeánfaidh sí go heimpíreach ar bhonn leanúnach go soláthraítear ionadaíocht choimeádach ar an riosca foluiteach leis na seachshonraí margaidh;

(j) 

déanfar an fhaisnéis a bhaineann go sonrach le hidirbhearta agus an fhaisnéis chonarthach is gá chun neamhchosaintí a chomhiomlánú ar leibhéal an tacair glanluachála a ghabháil sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1; deimhneoidh institiúid go ndéantar idirbhearta a shannadh don tacar glanluachála iomchuí laistigh den tsamhail.

Chun ceanglais cistí dílse maidir le riosca CVA a ríomh, féadfaidh sonraíochtaí agus toimhdí éagsúla a bheith sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun gach ceann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 383a a chomhlíonadh, ach fanfaidh a hionchuir sonraí margaidh agus a haithint glanluachála mar an gcéanna leo siúd a úsáidtear chun críocha cuntasaíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.