+Airteagal 420 2.
|
Airteagal 420 2.
Déanfaidh institiúidí measúnú rialta ar dhóchúlacht agus ar mhéid ionchasach n-eis-sreafaí leachtachta sa 30 lá dar gcionn chomh fada is a bhaineann sé le táirgí nó seirbhísí nach bhfuil gafa in Airteagal 422, Airteagal 423 agus Airteagal 424 agus atá tairgthe nó urraithe acu nó a mheasfadh ceannaitheoirí féideartha go raibh baint acu leo, lena n-áirítear eis-sreafaí leachtachta a eascróidh as aon chomhaontuithe conarthacha, amhail oibleagáidí eile lasmuigh den chlár comhardaithe agus oibleagáidí cistithe teagmhasacha, ach nach mbeidh siad teoranta dóibh sin amháin, agus lena n-áirítear saoráidí tiomanta cistiúcháin, iasachtaí neamhtharraingthe agus airleacain do chontrapháirtithe mórdhíola, morgáistí a comhaontaíodh ach nár tarraingíodh anuas go fóill, cártaí creidmheasa, rótharraingtí, eis-sreafaí beartaithe a bhaineann le hiasachtaí nua miondíola nó mórdhíola a athnuachan nó a fhadú, díorthaigh iníoctha beartaithe agus táirgí a bhaineann le creidmheas trádála lasmuigh den chlár comhardaithe, ach nach mbeidh siad teoranta dóibh sin amháin, de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 429 agus in Iarscríbhinn 1. Déanfar measúnú ar na heis-sreafaí seo faoin toimhde a bhaineann le meascán de chás neamhghnách agus de chás struis ar fud an mhargaidh. Chun an measúnú sin a dhéanamh, cuirfidh institiúidí san áireamh go háirithe damáistí ábhartha do chlú a d'fhéadfadh tarlú i ngeall ar thacaíocht leachtachta gan a bheith curtha ar fáil acu do tháirgí nó do sheirbhísí den sórt sin. Déanfaidh institiúidí na táirgí agus seirbhísí sin a bhfuil dóchúlacht agus méid ionchasach na n-eis-sreafaí leachtacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina leith ábhartha, déanfaidh siad a dtuairisciú do na húdaráis inniúla uair sa bhliain ar a laghad agus cinnfidh na húdaráis inniúla na heis-sreafaí a bheidh le sannadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla ráta eis-sreafa 5 % a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a bhaineann le creidmheas trádála lasmuigh den chlár comhardaithe, de réir mar a shainmhínítear é in Airteagal 429 agus in Iarscríbhinn 1. Tabharfaidh na húdaráis inniúla tuairisc ar bhonn bliantúil ar a laghad doÚBE maidir leis na cineálacha táirgí nó seirbhísí a bhfuil eis-sreafaí cinntithe acu ina leith agus déanfar sin ar bhonn na dtuairiscí a gheofar ó institiúidí. Míneoidh siad freisin sna tuairiscí sin cén mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm chun na heis-sreafaí a chinneadh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|