+Airteagal 428b 5.

Airteagal 428b 5.

Áiritheoidh institiúidí go bhfuil dáileadh a bpróifíl cistiúcháin, de réir ainmníocht airgeadra, comhsheasmhach i gcoitinne le dáileadh a gcuid sócmhainní de réir airgeadra. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na hinstitiúidí srian a chur le neamhréireanna airgeadra trí theorainneacha a leagan síos maidir leis an gcion den chistiú cobhsaí ceangailteach in airgeadra faoi leith is féidir a chomhlíonadh le cistiú cobhsaí atá ar fáil nach bhfuil ainmnithe san airgeadra sin. Ní fhéadfar an srian sin a chur i bhfeidhm ach i gcás airgeadra atá faoi réir tuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 415(2).

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leibhéal aon sriain a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar neamhréireanna airgeadra i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na nithe seo a leanas a mheas ar a laghad:

(a) 

an bhfuil sé ar chumas na hinstitiúide cistiúchán cobhsaí atá ar fáil a aistriú ó airgeadra amháin go hairgeadra eile agus idir dlínsí éagsúla agus eintitis dhlíthiúla atá laistigh dá grúpa agus ar a cumas airgeadraí a bhabhtáil agus cistí a thiomsú ar mhargaí airgeadra eachtraigh thar thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí;

(b) 

tionchar athruithe díobhálacha sa ráta malairte ar shuíomhanna mí-oiriúnaithe atá ann cheana agus ar éifeachtacht fálaithe ar bith ar mhalairt airgeadra eachtraigh atá i bhfeidhm.

Beidh aon srian ar neamhréireanna airgeadra a dhéanfar a fhorchur i gcomhréir leis an Airteagal seo ina ceanglas leachtachta sonrach dá dtagraítear in Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.