+Airteagal 428aq 7.

Airteagal 428aq 7.

I gcás oibríochtaí neamhchaighdeánacha sealadacha arna gcur i gcrích ag BCE nó ag banc ceannais Ballstáit nó ag banc ceannais tríú tír chun a shainordú a chomhlíonadh i dtréimhse struis airgeadais ar fud an mhargaidh nó i gcúinsí eisceachtúla maicreacnamaíocha, féadfaidh na sócmhainní seo a leanas fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe a fháil:

(a) 

sócmhainní atá ualaithe do na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar Airteagal 428aw agus ar phointe (a) d'Airteagal 428az(1);

(b) 

airgead a thiocfaidh as na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar Airteagal 428aw agus ar phointe (b) d'Airteagal 428ay.

Cinnfidh na húdaráis inniúla, i gcomhaontú leis an mbanc ceannais arb é contrapháirtí an idirbhirt é, an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm ar na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír. I gcás sócmhainní ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, atá le cur i bhfeidhm, níos lú ná an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a mbeadh feidhm aige, faoi Roinn 2, maidir leis na sócmhainní sin dá mbeidís á sealbhú go neamhualaithe.

Agus fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán géar ar an tionchar a bheidh ag an bhfachtóir laghdaithe sin ar shuíomhanna cistiúcháin chobhsaí de chuid institiúidí agus déanfaidh siad bearta maoirseachta iomchuí i gcás inar gá.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.