+Airteagal 431 3.
|
Airteagal 431 3.
Glacfaidh comhlacht bainistíochta nó an bhainistíocht shinsearach beartais fhoirmiúla chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh a leagtar síos sa Chuid seo agus próisis, córais agus rialuithe inmheánacha a chur i bhfeidhm agus a chothabháil chun a fhíorú gurb iomchuí nochtuithe na n-institiúidí agus go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chuid seo. Deimhneoidh ar a laghad ball amháin den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach i scríbhinn gur nocht an institiúid ábhartha na nochtaí a cheanglaítear faoin gCuid seo i gcomhréir leis na beartais fhoirmiúla agus leis na próisis, córais agus rialuithe inmheánacha. An deimhniú i scríbhinn agus príomhghnéithe bheartais fhoirmiúla na hinstitiúide chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh, áireofar iad i nochtuithe na n-institiúidí. Aon fhaisnéis is gá a nochtadh i gcomhréir leis an gCuid seo, beidh sí faoi réir an leibhéil chéanna fíoraithe inmheánaigh agus is infheidhme maidir leis an tuarascáil bhainistíochta a áirítear i dtuarascáil airgeadais na hinstitiúide. Beidh beartais curtha i bhfeidhm ag institiúidí freisin chun a fhíorú go dtugann a nochtaí léargas cuimsitheach ar a bpróifíl
►C12
riosca ◄ do rannpháirtithe an mhargaidh. I gcás ina bhfuil institiúidí den tuairim nach dtugann na nochtaí sin léargas cuimsitheach ar a bpróifíl
►C12
riosca ◄ do rannpháirtithe an mhargaidh a cheanglaítear faoin gCuid seo, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis don phobal de bhreis ar an bhfaisnéis sin a cheanglaítear a nochtadh. Mar sin féin, ní cheanglófar ar institiúidí ach faisnéis is ábhartha agus nach faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 432.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|