+Airteagal 432 Faisnéis neamhábhartha, dhílseánaigh nó rúnda
---+Airteagal 432 1.
---+Airteagal 432 2.
---+Airteagal 432 3.

Airteagal 432 Faisnéis neamhábhartha, dhílseánaigh nó rúnda

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 432 1.
Cé is moite de na nochtuithe a leagtar síos i bpointe (c) d'Airteagal 435(2) agus in Airteagal 437 agus 450, féadfaidh institiúidí ceann amháin nó níos mó de na nochtuithe a liostaítear i dTeidil II agus III a fhágáil ar lár, i gcás nach meastar gur faisnéis ábhartha í an fhaisnéis atáthar á cur ar fáil leis na nochtuithe sin.

Measfar gur faisnéis ábhartha i nochtuithe í faisnéis, más rud é, de bharr í a fhágáil ar lár nó míráiteas a thabhairt ina leith, go bhféadfaí athrú a dhéanamh nó tionchar a imirt ar mheasúnú nó ar chinneadh úsáideora de chuid na faisnéise sin a bheadh ag brath uirthi ar mhaithe le cinntí eacnamaíocha a dhéanamh.

Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí ábharthacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III.

Airteagal 432 2.
Féadfaidh institiúidí freisin ceann amháin nó níos mó de na míreanna faisnéise a liostaítear i dTeideal II agus i dTeideal III a fhágáil ar lár freisin i gcás ina n-áirítear ar na míreanna sin faisnéis a meastar gur faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í i gcomhréir leis an dara fomhír seo, cé is moite de na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 437 agus in Airteagal 450.

Measfar gur faisnéis dhílseánaigh de chuid institiúidí í faisnéis de chineál a fhágann, dá nochtfaí don phobal í, go mbainfí an bonn de staid iomaíochta na n-institiúidí sin. Féadfar a áireamh le faisnéis dhílseánaigh faisnéis maidir le táirgí nó córais a d'fhágfadh gur lú luach infheistíochtaí na n-institiúidí iontu sin dá roinnfí le hiomaitheoirí í.

Measfar gur faisnéis rúnda í faisnéis i gcás ina gcuireann custaiméirí nó gaolmhaireachtaí eile le contrapháirtithe oibleagáid ar na hinstitiúidí an fhaisnéis sin a choimeád rúnda.

Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí an dílseánacht agus an rúndacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III.

Airteagal 432 3.
Sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear i mír 2, luafaidh an institiúid lena mbaineann ina nochtuithe más amhlaidh ach bhfuil míreanna faisnéise sonracha á nochtadh, an chúis nach bhfuil na míreanna sin á nochtadh, agus foilseoidh sí faisnéis níos ginearálta faoi ábhar an cheanglais maidir le nochtadh, cé is moite den chás inarb ábhar dílseánaigh nó rúnda é an t-ábhar sin ann féin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.