+Airteagal 436 Raon feidhme chur i bhfeidhm a nochtadh

Airteagal 436 Raon feidhme chur i bhfeidhm a nochtadh

Airteagal 436

Raon feidhme chur i bhfeidhm a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar seo a leanas:

(a) 

ainm na hinstitiúide a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith;

(b) 

Réiteach idir na ráitis airgeadais chomhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta infheidhme agus leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an gcomhdhlúthú rialála de bhun Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon; déanfar trácht sa réiteach sin ar na difríochtaí idir raon feidhme cuntasaíochta an chomhdhlúthaithe agus raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe agus na heintitis dhlíthiúla a áirítear laistigh de raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe i gcás nach ionann é agus raon feidhme an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta; sa trácht ar na heintitis dhlíthiúla a áirítear faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe rialála, cuirfear síos ar mhodh an chomhdhlúthaithe rialála i gcás nach ionann é agus modh an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta, cibé acu atá na heintitis sin comhdhlúite go hiomlán nó comhdhlúite go comhréireach nó nach bhfuil agus cibé acu a bhaintear sealúchais sna heintitis sin as cistí dílse nó nach mbaintear;

(c) 

miondealú ar shócmhainní agus ar dhliteanais na ráiteas airgeadais comhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an gcomhdhlúthú rialála de bhun Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon, arna miondealú de réir chineál na ►C12  riosca ◄ dá dtagraítear faoin gCuid seo;

(d) 

réiteach lena sainaithnítear príomhfhoinsí na ndifríochtaí idir méideanna an luacha seilbhe sna ráitis airgeadais faoi raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe mar a shainítear é i Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon agus méid na ►C12  neamhchosainta ◄ a úsáidtear chun críocha rialála; déanfar an réiteach sin a fhorlíonadh le faisnéis cháilíochtúil faoi phríomhfhoinsí na ndifríochtaí;

(e) 

maidir le ►C12  neamhchosainti ◄ ón leabhar trádála agus ón leabhar neamhthrádála a choigeartaítear i gcomhréir le hAirteagal 34 agus Airteagal 105, miondealú ar na méideanna de chomheilimintí an choigeartaithe luachála stuama de chuid institiúide, de réir chineálacha na ►C12  riosca ◄ , agus iomlán na gcomheilimintí ar leithligh do na suíomhanna leabhair trádála agus leabhair neamhthrádála;

(f) 

aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ábhartha reatha nó ionchais ar aistriú pras cistí dílse nó aisíoc dliteanas idir an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí;

(g) 

an méid comhiomlán faoinar lú na cistí dílse iarbhír ná mar a theastaíonn i ngach fochuideachta nach bhfuil ar áireamh sa chomhdhlúthú, agus ainm nó ainmneacha fochuideachtaí den sórt sin;

(h) 

nuair is infheidhme, na himthosca faoina mbaintear úsáid as an maolú dá dtagraítear in Airteagal 7 nó an modh chomhdhlúite aonair a leagtar síos in Airteagal 9.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.