+Airteagal 445a Riosca CVA a nochtadh
---+Airteagal 445a 1.
---+Airteagal 445a 2.
---+Airteagal 445a 3.

Airteagal 445a Riosca CVA a nochtadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 445a 1.

Nochtfaidh institiúidí atá faoi réir na gceanglas cistí díse le haghaidh riosca CVA an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

forbhreathnú ar a bpróisis chun a riosca CVA a shainaithint, a thomhas, a fhálú agus faireachán a dhéanamh air;

(b) 

cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, institiúidí na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 273a(2); i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, cibé a roghnaigh, nó nár roghnaigh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ag úsáid an chur chuige shimplithe a leagtar amach in Airteagal 385; i gcás inar roghnaigh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige shimplithe, na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA i gcomhréir leis an gcur chuige sin;

(c) 

líon iomlán na gcontrapháirtithe a n-úsáidtear an cur chuige caighdeánaithe ina leith, le miondealú de réir cineálacha contrapháirtithe.

Airteagal 445a 2.

Nochtfaidh na hinstitiúidí a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe mar a leagtar amach in Airteagal 383 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

struchtúr agus eagrú a bhfeidhme bainistithe riosca CVA inmheánaí agus rialachais;

(b) 

ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige caighdeánaithe le miondealú de réir aicme riosca;

(c) 

forbhreathnú ar na fáluithe incháilithe a úsáidtear sa ríomh sin, le miondealú de réir cineál ionstraimí mar a leagtar amach in Airteagal 386(2).

Airteagal 445a 3.

Nochtfaidh institiúidí a úsáideann an cur chuige bunúsach a leagtar amach in Airteagal 384 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach, agus comhpháirteanna BACVAtotal agus BACVAcsr-hedged ;

(b) 

forbhreathnú ar na fáluithe incháilithe a úsáidtear sa ríomh sin, le miondealú de réir cineál ionstraimí a leagtar amach in Airteagal 386(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.