+Airteagal 449 ►C12Neamhchosaint◄ar shuíomhanna urrúsúcháin a nochtadh

Airteagal 449 ►C12Neamhchosaint◄ar shuíomhanna urrúsúcháin a nochtadh

Airteagal 449

►C12  Neamhchosaint ◄ ar shuíomhanna urrúsúcháin a nochtadh

Institiúidí a ríomhann méideanna ►C12  neamhchosaint ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí nó ceanglais cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 337 nó Airteagal 338, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar leithligh dá ngníomhaíochtaí leabhar trádála agus dá ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála:

(a) 

tuairisc ar a gcuid gníomhaíochtaí urrúsúcháin agus ath-urrúsúcháin, lena n-áirítear a gcuspóirí ó thaobh bainistiú ►C12  riosca ◄ agus ó thaobh infheistíochta i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin, a ról in idirbhearta urrúsúcháin agus ath-urrúsúcháin, cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann siad an creat urrúsúcháin simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe (STC) mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 242, agus a mhéid a úsáideann siad idirbhearta urrúsúcháin chun ►C12  riosca ◄ creidmheasa na ►C12  neamhchosaint ◄ urrúsaithe a aistriú chuig tríú páirtithe agus, ina theannta sin, tabharfar, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar leithligh ar a mbeartas aistrithe ►C12  riosca ◄ i leith urrúsú sintéiseach;

(b) 

na cineálacha ►C12  riosca ◄ ar a mbeidh siad ar ris ina gcuid gníomhaíochtaí urrúsúcháin agus ath-urrúsúcháin de réir leibhéal sinsearachta na suíomhanna urrúsúcháin ábhartha lena ndéanfar idirdhealú idir suíomhanna STC agus neamh-STC agus:

(i) 

an ►C12  riosca ◄ arna choinneáil in idirbhearta féintionscanta;

(ii) 

an ►C12  riosca ◄ arna ghlacadh i ndáil le hidirbhearta arna dtionscnamh ag tríú páirtithe;

(c) 

na cuir chuige chun méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ a ríomh a chuireann siad i bhfeidhm ar a gcuid gníomhaíochtaí urrúsúcháin, lena n-áirítear na cineálacha suíomhanna urrúsúcháin lena mbaineann gach cur chuige agus déanfar idirdhealú idir suíomhanna STC agus neamh-STC;

(d) 

liosta de SSPEanna a thagann faoi aon cheann de na catagóirí seo a leanas, le tuairisc ar a gcineálacha ►C12  neamhchosainti ◄ ar na SSPEanna sin, lena n-áirítear conarthaí díorthach:

(i) 

SSPEnna ar a dtagann ►C12  neamhchosainti ◄ arna dtionscnamh ag na hinstitiúidí;

(ii) 

SSPEnna arna n-urrú ag na hinstitiúidí;

(iii) 

SSPEnna agus eintitis dlíthiúla eile a gcuireann na hinstitiúidí seirbhísí a bhaineann le hurrúsúchán ar fáil dóibh sin, amhail seirbhísí bainistíochta nó seirbhísithe sócmhainní nó seirbhísí comhairleacha;

(iv) 

SSPEnna a áirítear ar raon feidhme chomhdhlúthú rialála na n-institiúidí;

(e) 

liosta de na heintitis dhlíthiúla a bhfuil sé nochta ag na hinstitiúidí ina leith gur chuir siad tacaíocht ar fáil i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí;

(f) 

liosta de na heintitis dhlíthiúla atá cleamhnaithe leis na hinstitiúidí agus a infheistíonn in urrúsúcháin arna dtionscnamh ag na hinstitiúidí nó i suíomhanna urrúsúcháin arna n-eisiúint ag SSPEnna atá urraithe ag na hinstitiúidí;

(g) 

achoimre ar a mbeartais chuntasaíochta maidir le gníomhaíocht urrúsúcháin, lena n-áirítear idirdhealú idir suíomhanna urrúsúcháin agus ath-urrúsúcháin nuair is iomchuí;

(h) 

ainmneacha na IMCSanna a úsáidtear i gcomhair urrúsúcháin agus na cineálacha ►C12  neamhchosainta ◄ a n-úsáidtear gach gníomhaireacht ina leith;

(i) 

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh mar a leagtar amach i gCaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí, lena n-áirítear struchtúr an phróisis mheasúnaithe inmheánaigh agus an gaol idir measúnú inmheánach agus rátálacha seachtracha den IMCS ábhartha arna nochtadh i gcomhréir le pointe (h), na sásraí rialaithe don phróiseas measúnaithe inmheánaigh, lena n-áirítear plé ar neamhspleáchas, ar chuntasacht, agus ar athbhreithniú ar an bpróiseas measúnaithe inmheánaigh, na cineálacha ►C12  neamhchosainta ◄ a gcuirtear an próiseas measúnaithe inmheánaigh i bhfeidhm maidir leo agus na fachtóirí struis a úsáidtear chun leibhéil feabhsaithe creidmheasa a chinneadh;

(j) 

ar bhonn leithligh, i gcás an leabhair trádála agus neamhthrádála, méid anonn na ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin, lena n-áirítear faisnéis ar cé acu a d'aistrigh nó níor aistrigh institiúidí ►C12  riosca ◄ creidmheasa suntasach arna chomhlachú i gcomhréir le hAirteagail 244 agus 245, agus a ngníomhaíonn na hinstitiúidí mar thionscnóir, mar urraitheoir, nó mar infheisteoir ina leith, ar bhonn leithligh i gcás urrúsuithe traidisiúnta agus sintéiseacha, agus i gcás idirbhearta STC agus neamh-STC agus a dhéantar a mhiondealú de réir chineál na ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin;

(k) 

i gcás gníomhaíochtaí an leabhair neamhthrádála, an fhaisnéis seo a leanas:

(i) 

méid comhiomlán na suíomhanna urrúsúcháin i gcás ina ngníomhaíonn institiúidí mar thionscnóir nó mar urraitheoir agus na ceanglais chaipitil agus sócmhainní gaolmhara atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ de réir cuir chuige rialála, lena n-áirítear ►C12  neamhchosainti ◄ arna n-asbhaint as cistí dílse nó arna n-ualú ó thaobh ►C12  riosca ◄ ag 1 250  %, a mhiondealaítear idir urrúsuithe traidisiúnta agus urrúsuithe sintéiseacha agus idir ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin agus athurrúsúcháin, ar bhonn leithligh i gcás suíomhanna STC agus neamh-STC, agus a mhiondealaítear tuilleadh i líon ábhartha bandaí d'ualú ►C12  riosca ◄ nó de cheanglais chaipitil agus de réir an chur chuige arna úsáid chun na ceanglais chaipitil a ríomh;

(ii) 

méid comhiomlán na suíomhanna urrúsúcháin i gcás ina ngníomhaíonn institiúidí mar infheisteoir nó mar urraitheoir agus na ceanglais chaipitil agus sócmhainní gaolmhara atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ de réir cuir chuige rialála, lena n-áirítear ►C12  neamhchosainti ◄ arna n-asbhaint as cistí dílse nó arna n-ualú ó thaobh ►C12  riosca ◄ ag 1 250  %, a mhiondealaítear idir urrúsuithe traidisiúnta agus urrúsuithe sintéiseacha, idir suíomhanna urrúsúcháin agus suíomhanna athurrúsúcháin, agus idir suíomhanna STC agus neamh-STC, agus a mhiondealaítear a thuilleadh i líon ábhartha bandaí d'ualú ►C12  riosca ◄ nó de cheanglais chaipitil, agus de réir an chur chuige arna úsáid chun na ceanglais chaipitil a ríomh;

(l) 

i gcás ►C12  neamhchosainti ◄ atá urrúsaithe ag an institiúid, méid na ►C12  neamhchosaintí ◄ ar mainneachtain agus méid na gcoigeartuithe sonracha ar an ►C12  riosca ◄ creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid i rith na tréimhse reatha, iad araon arna miondealú de réir chineál na ►C12  neamhchosainta ◄ .

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.