+Airteagal 450 An beartas luacha saothair a nochtadh
---+Airteagal 450 1.
---+Airteagal 450 2.

Airteagal 450 An beartas luacha saothair a nochtadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 450 1.

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas, maidir lena mbeartas agus lena gcleachtais i ndáil le luach saothair i leith na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl ►C12  riosca ◄ na n-institiúidí:

(a) 

faisnéis faoin bpróiseas cinnteoireachta a úsáidtear chun an beartas luacha saothair a chinneadh, agus faoi líon na gcruinnithe freisin arna dtionól ag an bpríomhchomhlacht a bhfuil maoirsiú á dhéanamh aige ar an luach saothair le linn na bliana airgeadais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi chomhdhéanamh agus faoi shainordú an choiste luacha saothair, an sainchomhairleoir seachtrach ar úsáideadh a chuid seirbhísí chun an beartas luacha saothair a chinneadh agus ról na bpáirtithe leasmhara iomchuí;

(b) 

faisnéis faoin nasc idir pá na foirne agus feidhmíocht na foirne;

(c) 

na saintréithe deartha is tábhachtaí den chóras luacha saothair, lena n-áirítear faisnéis faoi na critéir a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas agus ►C12  riosca ◄ a choigeartú, beartas iarchurtha agus critéir dílsithe;

(d) 

na cóimheasa idir luach saothair seasta agus inathraithe a leagtar síos i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 94(1) de Threoir 2013/36/AE;

(e) 

faisnéis faoi na critéir feidhmíochta ar a bhfuil an teidlíocht ar scaireanna, ar roghanna nó ar chomhpháirteanna inathraithe de luach saothair bunaithe;

(f) 

na príomhpharaiméadair agus an réasúnaíocht d'aon scéim comhpháirte athraithí agus aon sochair eile neamhairgid;

(g) 

faisnéis chomhiomlán chainníochtúil maidir le luach saothair, arna miondealú de réir an réimse gnó;

(h) 

faisnéis chomhiomlán chainníochtúil maidir le luach saothair, arna miondealú de réir na bainistíochta sinsearaí agus na gcomhaltaí foirne a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl ►C12  riosca ◄ na n-institiúidí, ag tabhairt an méid seo a leanas le fios:

(i) 

méideanna an luacha saothair arna mbronnadh don bhliain airgeadais, á ndeighilt idir luach saothair seasta, lena n-áirítear tuairisc ar na comhpháirteanna seasta, agus luach saothair inathraithe, agus líon na dtairbhithe;

(ii) 

méideanna agus foirmeacha an luacha saothair inathraithe a bhronntar, á ndeighilt idir airgead tirim, scaireanna, ionstraimí atá nasctha le scaireanna agus cineálacha eile don chuid a íoctar roimh ré agus don chuid iarchurtha;

(iii) 

méideanna luacha saothair iarchurtha a bhronntar do thréimhsí feidhmíochta roimhe seo, á ndeighilt sa mhéid atá le dílsiú sa bhliain airgeadais agus an méid atá le dílsiú sna blianta ina dhiaidh sin;

(iv) 

méideanna an luacha saothair iarchurtha atá le dílsiú sa bhliain airgeadais ar méideanna iad a íoctar amach le linn na bliana airgeadais, agus a laghdaítear trí choigeartuithe feidhmíochta;

(v) 

dámhachtainí inathraithe ráthaithe le linn na bliana airgeadais, agus líon thairbhithe na ndámhachtainí sin;

(vi) 

na scaoilíocaíochtaí a bronnadh i dtréimhsí roimhe seo, a íocadh amach le linn na bliana airgeadais;

(vii) 

méideanna scaoilíocaíochtaí a bronnadh le linn na bliana airgeadais, á ndeighilt ina n-íocaíochtaí a íoctar roimh ré agus ina n-íocaíochtaí iarchurtha, líon thairbhithe na n-íocaíochtaí sin agus an íocaíocht is airde a dámhadh ar dhuine aonair;

(i) 

líon na ndaoine aonair atá tar éis luach saothair EUR 1 mhilliún nó níos mó in aghaidh na bliana airgeadais a fháil, i gcás luacha saothair idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún arna mhiondealú i mbandaí pá de EUR 500 000 agus i gcás luacha saothair EUR 5 mhilliún agus os a chionn arna mhiondealú i mbandaí pá de EUR 1 mhilliún;

(j) 

arna iarraidh sin don Bhallstát ábhartha nó don údarás inniúil ábhartha, luach saothair iomlán gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach;

(k) 

faisnéis maidir le cibé acu a bhaineann an institiúid tairbhe as maolú nó nach mbaineann a leagtar síos le hAirteagal 94(3) de Threoir 2013/35/AE.

Chun chríocha phointe (k) den chéad fhomhír den mhír seo, institiúidí a bhaineann tairbhe as maolú den sórt sin, cuirfidh siad in iúl cibé a bhaineann siad tairbhe as an maolú sin ar bhonn phointe (a) nó pointe (b) d'Airteagal 94(3) de Threoir 2013/36/AE. Cuirfidh siad prionsabail an luacha saothair in iúl freisin a gcuirfidh siad an maolú nó maoluithe i bhfeidhm maidir leo, líon na mball foirne a bhaineann tairbhe as an maolú nó na maoluithe agus an luach saothair iomlán atá acu, á ndeighilt ina luach saothair inathraitheach agus seasta.

Airteagal 450 2.
I gcás institiúidí móra, cuirfear an fhaisnéis chainníochtúil faoi luach saothair chomhlacht comhbhainistíochta na n-institiúidí dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal, agus idirdhealú á dhéanamh idir comhaltaí feidhmiúcháin agus neamh-fheidhmiúcháin.

Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo ar bhealach a bheidh oiriúnach dá méid, dá n-eagrúchán inmheánach agus do chineál, do raon feidhme agus do chastacht a gcuid gníomhaíochtaí agus gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 38 ).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.