+Airteagal 455 2.

Airteagal 455 2.

Nochtfaidh institiúidí, ar bhonn comhiomlán, maidir le gach ceann de na deasca trádála a chumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325az na comhpháirteanna seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

(a) 

an luach is déanaí chomh maith leis an luach is airde, an luach is ísle agus an meánluach feadh an 60 lá gnó roimhe sin don mhéid seo a leanas:

(i) 

an beart riosca easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1);

(ii) 

an beart riosca easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) le haghaidh gach catagóire leithne fachtóra riosca;

(b) 

an luach is déanaí chomh maith leis an meánluach feadh an 60 lá gnó roimhe sin don mhéid seo a leanas:

(i) 

an beart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1);

(ii) 

an beart riosca maidir le cás faoi strus dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b);

(iii) 

an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2);

(iv) 

suim na gceanglas cistí dílse mar dá dtagraítear in Airteagal 325ba(3), lena n-áirítear comhpháirteanna uile na foirmle agus an fachtóir iolraitheora is infheidhme;

(c) 

líon na róluaineachtaí cúltástála sna 250 lá gnó is déanaí ag an 99ú peircintíl dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.