+Airteagal 458 4.

Airteagal 458 4.

Déantar an chumhacht gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta agus dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún.

Faoi cheann mí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí maidir leis na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) den mhír sin chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit lena mbaineann.

Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir, mionsonraithe ann go mbeidh tionchar diúltach ag an mbeart ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais de dhroim laghdú sna ►C12  riosca ◄ macrastuamachta nó shistéamacha a shainaithnítear, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de mhí amháin, gníomh cur chun feidhme a mholadh don Chomhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta.

Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra laistigh den tréimhse míosa amháin sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na dréachtbhearta náisiúnta a ghlacadh láithreach ar feadh tréimhse suas go dtí dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an ►C12  riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin.

Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an togra ón gCoimisiún laistigh de mhí amháin tar éis an togra a fháil agus sonróidh sí na cúiseanna atá aici leis na dréachtbhearta náisiúnta a dhiúltú nó gan iad a dhiúltú.

Ní dhiúltóidh an Chomhairle do na dréachtbhearta náisiúnta a mholfar ach i gcás ina measfaidh sí nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur de chineál iad na hathruithe i ndéine an phriacail macrastuamachta nó shistéamaigh go bhféadfadh ►C12  riosca ◄ eascairt astu do chobhsaíocht airgeadais ar an leibhéal náisiúnta;

(b) 

níl na huirlisí macrastuamachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chomh hoiriúnach ná chomh héifeachtach agus atá na dréachtbhearta náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an ►C12  riosca ◄ macrastuamachta nó ar an ►C12  riosca ◄ sistéamach a shainaithneofar;

(c) 

nach n-éireoidh, as na dréachtbhearta náisiúnta sin, éifeachtaí díobhálacha díréireacha don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an Aontais ina iomláine, ar éifeachtaí iad lena bhfoirmeofaí nó lena gcruthófaí, ar an gcaoi sin, constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; agus

(d) 

nach mbaineann an tsaincheist ach le Ballstát amháin.

Tabharfar ar aird i measúnú na Comhairle tuairim BERS agus ÚBE agus beidh sé bunaithe ar fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 1 ag an údarás a ainmníodh i gcomhréir le mír 1.

In éagmais gníomh cur chun feidhme ón gComhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá á moladh, faoi cheann mí amháin tar éis don Choimisiún an togra a fháil, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an ►C12  riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.