+Airteagal 477 Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
---+Airteagal 477 1.
---+Airteagal 477 2.
---+Airteagal 477 3.
---+Airteagal 477 4.

Airteagal 477 Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 477 1.
De mhaolú ar Airteagal 66, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo maidir leis na méideanna iarmharacha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 476.
Airteagal 477 2.

Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 66:

(a) 

déantar sealúchais dhíreacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint ag a luach de réir na leabhar ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;

(b) 

sealúchais indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a bhféadfadh oibleagáid a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó de bhua oibleagáide teagmhasaí, ní asbhaintear iad agus déantar iad a ualú ó thaobh ►C9  riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus beidh siad faoi réir ag ceanglais Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 477 3.

Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 66:

(a) 

i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá aici d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (c) d'Airteagal 66;

(b) 

i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (d) d'Airteagal 66

Airteagal 477 4.

Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 66:

(a) 

déantar leath den mhéid a bhaineann le sealúchais dhíreacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 66 a asbhaint ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;

(b) 

ní dhéantar an méid a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 66 a asbhaint agus beidh siad faoi réir ag ►C9  ualach riosca ◄ faoi Chaibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.