+Airteagal 489 Ionstraimí hibrideacha ina bhfuil rogha agus dreasacht fuascailte
---+Airteagal 489 1.
---+Airteagal 489 2.
---+Airteagal 489 3.
---+Airteagal 489 4.
---+Airteagal 489 5.
---+Airteagal 489 6.

Airteagal 489 Ionstraimí hibrideacha ina bhfuil rogha agus dreasacht fuascailte

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 489 1.
De mhaolú ar Airteagal 51 agus ar Airteagal 52, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, maidir leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a gcuimsítear ina dtéarmaí agus ina gcoinníollacha rogha agus dreasacht don institiúid iad a fhuascailt, ►C2  beidh siad faoi réir an Airteagail seo. ◄
Airteagal 489 2.

Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is roimh an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha;

(c) 

comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ón 1 Eanáir 2013.

Airteagal 489 3.

Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(4) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír agus cáileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 gan aon teorainn, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;

(c) 

comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.

Airteagal 489 4.

Ní cháileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, agus ní bheidh siad faoi réir Airteagal 484(4) ón 1 Eanáir 2014 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013 a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;

(c) 

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.

Airteagal 489 5.

Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(4) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír agus ní cháileoidh siad ina dhiaidh sin mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;

(c) 

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.

Airteagal 489 6.

Cáileoidh ionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 484(4) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;

(b) 

níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;

(c) 

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.