+Airteagal 495a Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí ar chothromas
---+Airteagal 495a 1.
---+Airteagal 495a 2.
---+Airteagal 495a 3.

Airteagal 495a Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí ar chothromas

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 495a 1.

De mhaolú ar an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 133(3), déanfar an t-ualú riosca is airde den ualú riosca is infheidhme an 8 Iúil 2024 a shannadh do neamhchosaintí ar chothromas, arna uasteorannú ag 250 %, agus na hualuithe riosca seo a leanas:

(a) 

100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025;

(b) 

130 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026;

(c) 

160 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027;

(d) 

190 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;

(e) 

220 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.

Airteagal 495a 2.

De mhaolú ar an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 133(4), déanfar an t-ualú riosca is airde den ualú riosca is infheidhme an 8 Iúil 2024 a shannadh do neamhchosaintí ar chothromas agus na hualuithe riosca seo a leanas:

(a) 

100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025;

(b) 

160 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026;

(c) 

220 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027;

(d) 

280 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;

(e) 

340 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.

Airteagal 495a 3.
De mhaolú ar Airteagal 133, féadfaidh institiúidí leanúint den ualú riosca céanna ab infheidhme an 8 Iúil 2024 a shannadh ar neamhchosaintí ar chothromas, lena n-áirítear an chuid de na neamhchosaintí nár asbhaineadh ó na cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 471 sa leagan den Airteagal sin is infheidhme an 27 Deireadh Fómhair 2021, d’eintitis ina raibh siad ina scairshealbhóirí an 27 Deireadh Fómhair 2021 ar feadh 6 bliana as a chéile agus a bhfeidhmíonn siad tionchar nó rialú suntasach orthu, nó in éineacht leis an líonra lena mbaineann na hinstitiúidí, de réir bhrí Threoir 2013/34/AE, nó a bhfeidhmíonn siad tionchar nó rialú ar na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, nó a bhfeidhmíonn siad tionchar nó rialú mar thoradh ar ghaolmhaireacht chomhchosúil idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon líonra institiúidí agus gnóthas, nó i gcás ina bhfuil sé d’acmhainn ag institiúid comhalta amháin ar a laghad de chomhlacht bainistíochta an eintitis a cheapadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.