+Airteagal 497 Ceanglais cistí dílse do►C12neamhchosainti◄ar Chontrapháirtithe Lárnacha
---+Airteagal 497 1.
---+Airteagal 497 2.
---+Airteagal 497 3.

Airteagal 497 Ceanglais cistí dílse do►C12neamhchosainti◄ar Chontrapháirtithe Lárnacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 497 1.

I gcás ina n-iarrann contrapháirtí lárnach tríú tír aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh institiúidí an contrapháirtí lárnach sin a mheas mar chontrapháirtí lárnach cáilitheach ón dáta ar chuir sé isteach an t-iarratas ar aitheantas chuig ESMA agus go dtí ceann de na dátaí seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 glactha cheana ag an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe agus ina bhfuil an gníomh cur chun feidhme tar éis teacht i bhfeidhm, dhá bhliain tar éis chur isteach an iarratais;

(b) 

i gcás nach bhfuil gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 glactha cheana ag an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe agus nach bhfuil an gníomh cur chun feidhme tagtha i bhfeidhm go fóill, an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:

(i) 

dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme;

(ii) 

i gcás contrapháirtithe lárnacha a thíolacfaidh an t-iarratas tar éis an 27 Meitheamh 2019, dhá bhliain tar éis an dáta a dtíolacfar an t-iarratas;

(iii) 

i gcás na gcontrapháirtithe lárnacha sin a thíolacfaidh an t-iarratas roimh an 27 Meitheamh 2019, 28 Meitheamh 2021.

Airteagal 497 2.

Go dtí dul in éag na spriocdhátaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil ciste mainneachtana i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach aici lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile nó chuid de a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, cuirfidh institiúid an fhoirmle seo a leanas in ionad an fhoirmle cheart chun an ceanglas cistí dílse in Airteagal 308(2) a ríomh:

image

nuair atá:

image

=

an ceanglas cistí dílse;

KCCP

=

caipiteal hipitéiseach an contrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuir an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

DFCCP

=

acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe an contrapháirtí lárnaigh a chuir an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

i

=

an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl;

IMi

=

an corrlach tosaigh arna bhreacadh i dteannta leis an gcontrapháirtí lárnach ag comhalta imréitigh i; agus

IM

=

méid iomlán an chorrlaigh tosaigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 89(5a) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Airteagal 497 3.
I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina mbeidh sé riachtanach agus comhréireach chun saobhadh sna margaí airgeadais idirnáisiúnta a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh síneadh 12 mhí a chur, uair amháin, leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.