+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4
|
Airteagal 2 Raon feidhme
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1
|
1. Gan dochar do mhíreanna 3 agus 4, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis seo a leanas:
|
(a)
|
institiúidí creidmheasa;
|
|
(b)
|
institiúidí íocaíochta, lena n-áirítear institiúidí íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Threoir (AE) 2015/2366;
|
|
(c)
|
soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais;
|
|
(d)
|
institiúidí ríomh-airgid, lena n-áirítear institiúidí ríomh-airgid atá díolmhaithe de bhun Threoir 2009/110/CE;
|
|
(e)
|
gnólachtaí infheistíochta;
|
|
(f)
|
soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar a údaraítear faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (‘an Rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní’) agus eisitheoirí licíní sócmhainn-tagartha;
|
|
(g)
|
taisclanna lárnacha urrús;
|
|
(h)
|
contrapháirtithe lárnacha;
|
|
(k)
|
bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha;
|
|
(l)
|
cuideachtaí bainistíochta;
|
|
(m)
|
soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí;
|
|
(n)
|
gnóthais árachais agus athárachais;
|
|
(o)
|
idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha;
|
|
(p)
|
institiúidí um sholáthar pinsean ceirde;
|
|
(q)
|
gníomhaireachtaí rátála creidmheasa;
|
|
(r)
|
riarthóirí tagarmharcanna criticiúla;
|
|
(s)
|
soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(u)
|
soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí.
|
|
|
Airteagal 2 2
|
2. Chun críocha an Rialacháin seo, is mar ‘eintitis airgeadais’ a thagrófar do na heintitis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (t) le chéile.
|
|
Airteagal 2 3
|
3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE;
|
|
(b)
|
gnóthais árachais agus athárachais dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/138/CE;
|
|
(c)
|
institiúidí um sholáthar pinsean ceirde a oibríonn scéimeanna pinsin nach bhfuil níos mó ná 15 chomhalta san iomlán iontu le chéile;
|
|
(d)
|
daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá díolmhaithe de bhun Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2014/65/AE;
|
|
(e)
|
idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha ar micrifhiontair nó fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide iad;
|
|
(f)
|
institiúidí gíoró oifige poist mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(5), pointe (3), de Threoir 2013/36/AE.
|
|
|
Airteagal 2 4
|
4. Féadfaidh na Ballstáit eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointí (4) go (23), de Threoir 2013/36/AE atá lonnaithe laistigh dá gcríocha faoi seach a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. I gcás ina mbainfidh Ballstát úsáid as an rogha sin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin chomh maith le haon athruithe a dhéanfar air ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin nó ar mhodh eile atá inrochtana go héasca.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.12.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R2554
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|