+Airteagal 15 Comhchuibhiú breise ar uirlisí, modhanna, próisis agus beartais um bhainistíocht riosca TFC
---+Airteagal 15 (a)
---+Airteagal 15 (b)
---+Airteagal 15 (c)
---+Airteagal 15 (d)
---+Airteagal 15 (e)
---+Airteagal 15 (f)
---+Airteagal 15 (g)
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
|
Airteagal 15 Comhchuibhiú breise ar uirlisí, modhanna, próisis agus beartais um bhainistíocht riosca TFC
Forbróidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chomhchoiteanna chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 (a)
|
gnéithe breise a shonrú le cur sna straitéisí, beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí a bhaineann le slándáil TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2), d’fhonn slándáil gréasán a áirithiú, coimircí leordhóthanacha a chumasú i gcoinne ionraí agus mí-úsáid sonraí, infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a chaomhnú, lena n-áirítear teicnící cripteagrafaíochta, agus tarchur cruinn pras sonraí gan bristeacha móra ná moilleanna míchuí a ráthú;
|
|
Airteagal 15 (b)
|
comhpháirteanna breise de na rialuithe ar chearta bainistíochta rochtana dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (c), a fhorbairt chomh maith le beartas acmhainní daonna gaolmhar lena sonrófar cearta rochtana, nósanna imeachta chun cearta a dheonú agus a chúlghairm, faireachán a dhéanamh ar iompar aimhrialta i ndáil le riosca TFC trí tháscairí iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh patrúin agus uaireanta úsáide gréasáin, gníomhaíocht TFC agus gairis anaithnide;
|
|
Airteagal 15 (c)
|
forbairt bhreise a dhéanamh ar na sásraí a shonraítear in Airteagal 10(1) lena gcumasófar gníomhaíochtaí aimhrialta a bhrath go pras chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 10(2) lena dtionscnaítear próisis bhraite agus freagartha i ndáil le teagmhais a bhaineann le TFC;
|
|
Airteagal 15 (d)
|
sonrú breise a dhéanamh ar chomhpháirteanna an bheartais leanúnachais gnó TFC dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
|
|
Airteagal 15 (e)
|
sonrú breise a dhéanamh ar thástáil na bpleananna leanúnachais gnó TFC dá dtagraítear in Airteagal 11(6) chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí sa tástáil sin cásanna insamhlaithe ina dtagann meathlúchán ar cháilíocht soláthair feidhme criticiúla nó tábhachtaí go leibhéal do-ghlactha nó ina gcliseann ar an soláthar, agus go measfar go cuí sa tástáil tionchar féideartha na dócmhainneachta, nó aon chliseadh eile, i gcás aon soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, na rioscaí polaitiúla i ndlínsí na soláthraithe faoi seach;
|
|
Airteagal 15 (f)
|
sonrú breise a dhéanamh ar chomhpháirteanna na bpleananna freagartha agus athshlánaithe TFC dá dtagraítear in Airteagal 11(3);
|
|
Airteagal 15 (g)
|
sonrú breise a dhéanamh ar ábhar agus formáid na tuarascála maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(5);
|
|
Airteagal 15 2
|
Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt acu, cuirfidh ÚMEnna méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, agus cineál, scála agus castacht a seirbhísí, a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí san áireamh, agus an aird chuí á tabhairt ar aon ghné shonrach a eascraíonn as cineál ar leith na ngníomhaíocht trasna earnálacha éagsúla seirbhísí airgeadais.
|
|
Airteagal 15 3
|
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2024.
|
|
Airteagal 15 4
|
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad mhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.12.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R2554
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|