+Airteagal 5 1a.

Airteagal 5 1a.

Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (ba) agus (bb):

(a) 

ní chuirfear toirmeasc ar chóras intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a ghineann nó a ionramhálann an t-ábhar nó an taibhiú dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (ba) nó (bb) ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i) 

is í an ghiniúint nó an ionramháil sin an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga; nó

(ii) 

fágann dearadh, oiliúint, ailtireacht, nó cumais an chórais, nó feidhmiúlachtaí an chórais a n-idirghníomhaíonn an t-úsáideoir leo, gur toradh atá measartha intuartha agus in-atáirgthe í an ghiniúint nó an ionramháil sin nach n-éilíonn modhnú teicniúil suntasach, agus níl bearta sábháilteachta teicniúla réasúnta agus leormhaithe ná coimircí eile ag an gcóras chun an ghiniúint nó an ionramháil sin a chosc go hiontaofa, agus mí-úsáid atá measartha intuartha á cur san áireamh, agus chun mí-úsáid bhreathnaithe nó thuairiscithe a cheartú;

(b) 

ní chuirtear toirmeasc ar úsáid córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann an t-ábhar nó an taibhiú dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (ba) agus (bb) ach amháin i gcás ina n-úsáideann an t-úsáideoir gairmiúil an córas chun an t-ábhar nó an taibhiú sin a ghiniúint nó a ionramháil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.