+Airteagal 5 2.

Airteagal 5 2.

Ní úsáidfear córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), chun na gcríoch a leagtar amach sa phointe sin ach amháin chun céannacht an duine a bhfuiltear ag díriú air go sonrach a dheimhniú, agus cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh ann:

(a) 

staid an cháis a d’fhágfadh go bhféadfaí é a úsáid, go háirithe i gcás nach n-úsáidtear an córas, a thromchúisí a bheadh an díobháil agus dóchúlacht agus scála na díobhála sin;

(b) 

iarmhairtí úsáid an chórais do chearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann, go háirithe a thromchúisí a bheadh na hiarmhairtí sin agus dóchúlacht agus scála na n-iarmhairtí sin.

Ina theannta sin, maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), den Airteagal seo, comhlíonfar na coimircí agus na coinníollacha is gá agus is comhréireach i ndáil lena n-úsáid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-údaraítear a n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ama, geografacha agus pearsanta. Ní údarófar úsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna atá inrochtana don phobal ach amháin má tá measúnú tionchair ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 27 curtha i gcrích ag an údarás forfheidhmithe dlí agus má chláraigh sé an córas i mbunachar sonraí an Aontais de réir Airteagal 49. I gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, áfach, féadfar tús a chur le húsáid na gcóras sin agus gan iad a bheith cláraithe i mbunachar sonraí an Aontais, ar choinníoll go gcuirfear an clárú sin i gcrích gan moill mhíchuí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.