+Airteagal 5 3.

Airteagal 5 3.

Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (h) agus mhír 2, maidir le gach úsáid a bhaintear as an gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí i spásanna atá inrochtana don phobal, beidh an úsáid sin faoi réir údarú roimh ré arna dheonú ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach ar an mBallstát ina bhfuil an úsáid le baint as an gcóras, údarú arna eisiúint ar iarraidh réasúnaithe agus i gcomhréir le rialacha mionsonraithe an dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 5. Mar sin féin, i gcás práinne a bhfuil údar cuí léi, féadfar tús a chur le húsáid an chórais sin gan údarú ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú sin gan moill mhíchuí, laistigh de 24 uair an chloig, ar a dhéanaí. Má dhiúltaítear an t-údarú sin, cuirfear deireadh leis an úsáid le héifeacht láithreach agus, déanfar na sonraí go léir, chomh maith le torthaí agus aschur na húsáide sin, a chur i leataobh agus a scriosadh láithreach.

Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil breithiúnach ná an t-údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach an t-údarú ach amháin i gcás inar deimhin leis, bunaithe ar fhianaise oibiachtúil nó ar thásca soiléire arna gcur faoina bhráid, gur gá an córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” atá i gceist a úsáid agus gur comhréireach é a úsáid chun ceann de na cuspóirí a shonraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), a bhaint amach, faoi mar a shainaithnítear san iarraidh agus, go háirithe, go bhfuil sé fós teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach maidir leis an tréimhse ama chomh maith leis an raon feidhme geografach agus pearsanta. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás sin na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh. Ní fhéadfar aon chinneadh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine a dhéanamh bunaithe ar aschur an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” amháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.