+Airteagal 6 3.

Airteagal 6 3.

De mhaolú ar mhír 2, ní mheasfar córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina chóras ardriosca i gcás nach bhfuil riosca suntasach díobhála ann do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear gan tionchar ábhartha a imirt ar thoradh na cinnteoireachta.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram cúng nós imeachta a dhéanamh;

(b) 

go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga feabhas a chur ar thoradh gníomhaíochta arna cur i gcrích roimhe sin ag an duine;

(c) 

go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga patrúin chinnteoireachta nó diallais ó phatrúin chinnteoireachta a bhí ann roimhe seo a bhrath agus nach bhfuil sé i gceist leis an gcóras sin teacht in ionad an mheasúnaithe dhaonna a cuireadh i gcrích roimhe sin ná tionchar a imirt air, gan athbhreithniú cuí daonna; nó

(d) 

go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram ullmhúcháin a dhéanamh maidir le measúnú atá ábhartha chun críocha na gcásanna úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn III.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, measfar i gcónaí gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i gcás ina ndéanann an córas intleachta saorga próifíliú ar dhaoine nádúrtha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.