+Airteagal 25 2.

Airteagal 25 2.

Sna himthosca dá dtagraítear i mír 1, ní mheasfar a thuilleadh gur soláthraí an chórais intleachta saorga áirithe sin chun críocha an Rialacháin seo é an soláthraí a chuir an córas intleachta saorga ar an margadh ar dtús nó a chuir é i mbun seirbhíse ar dtús.

Oibreoidh an soláthraí tosaigh sin i ndlúthchomhar le soláthraithe nua agus cuirfidh sé an fhaisnéis is gá ar fáil agus soláthróidh sé an rochtain theicniúil agus an cúnamh eile a mbeifí ag súil go réasúnta leis agus a bheadh riachtanach chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le comhlíonadh an mheasúnaithe comhréireachta ar chórais intleachta saorga ardriosca.

Go háirithe, áireofar leis an oibleagáid a leagtar síos sa dara fomhír, i gcás inarb ábhartha chun na gcríoch a shonraítear inti, an méid seo a leanas:

(a) 

doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil atá leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 16;

(b) 

na soláthraithe nua a chur ar an eolas faoi theorainneacha aitheanta agus modhanna teipe; agus

(c) 

rochtain theicniúil spriocdhírithe a sholáthar do na soláthraithe nua, lena n-áirítear le haghaidh tástála agus bailíochtaithe.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcásanna ina bhfuil sé sonraithe go soiléir ag an soláthraí tosaigh nach bhfuil a chóras intleachta saorga le hathrú go córas intleachta saorga ardriosca agus, dá bhrí sin, ní thagann sé faoin oibleagáid comhoibriú leis na soláthraithe nua agus an doiciméadacht a thabhairt ar láimh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.