+Airteagal 25 4.
|
Airteagal 25 4.
Déanfaidh soláthraí córais intleachta saorga ardriosca agus an tríú páirtí a sholáthraíonn córas intleachta saorga, samhail intleachta saorga, uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna, nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcóras intleachta saorga ardriosca, trí chomhaontú i scríbhinn, an fhaisnéis, na cumais, an rochtain theicniúil, agus an cúnamh eile is gá a shonrú bunaithe ar an úrscothacht ghnáthaitheanta, chun a chur ar chumas sholáthraí an chórais intleachta saorga ardriosca na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tríú páirtithe a dhéanann uirlisí, seirbhísí, próisis, nó comhpháirteanna, seachas samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, inrochtana don phobal faoi shaorcheadúnas foinse oscailte. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga téarmaí eiseamláireacha deonacha do chonarthaí a fhorbairt agus a mholadh idir soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca agus tríú páirtithe a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca nó a chomhtháthaítear i gcórais intleachta saorga ardriosca. Nuair a bheidh na téarmaí eiseamláireacha deonacha á bhforbairt aige, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga ceanglais chonarthacha a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith infheidhme in earnálacha sonracha nó i gcásanna gnó sonracha. Foilseofar na téarmaí eiseamláireacha deonacha agus beidh siad ar fáil saor in aisce i bhformáid leictreonach sho-úsáidte.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|