+Airteagal 26 5.
|
Airteagal 26 5.
Déanfaidh úsáideoirí gairmiúla faireachán ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca ar bhonn na dtreoracha úsáide agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfidh siad na soláthraithe ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 72. I gcás ina mbeidh cúis ag úsáideoirí gairmiúla a mheas go bhféadfadh riosca de réir bhrí Airteagal 79(1) a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga mar thoradh ar úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na treoracha, cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir agus an t-údarás ábhartha faireachais margaidh ar an eolas gan moill mhíchuí, agus cuirfidh siad úsáid an chórais sin ar fionraí. I gcás ina sainaithníonn úsáideoirí gairmiúla teagmhas tromchúiseach, láithreach bonn, cuirfidh siad an soláthraí ar dtús agus ansin an t-allmhaireoir nó an dáileoir agus na húdaráis ábhartha faireachais margaidh ar an eolas faoin teagmhas sin. Mura féidir leis an úsáideoir gairmiúil teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí, beidh feidhm ag Airteagal 73 mutatis mutandis. Ní chumhdófar leis an oibleagáid sin sonraí oibríochtúla íogaire úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ar údaráis forfheidhmithe dlí iad. I gcás úsáideoirí gairmiúla ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid faireacháin a leagtar amach sa chéad fhomhír trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun an dlí seirbhísí airgeadais ábhartha a chomhlíonadh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|