+Airteagal 41 1.

Airteagal 41 1.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V, agus:

(i) 

nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh; nó

(ii) 

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii) 

nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ar ábhair imní maidir le cearta bunúsacha; nó

(iv) 

nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b) 

nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí dá dtagraítear i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Agus na sonraíochtaí coiteanna á ndréachtú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 67.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.