+Airteagal 50 4.

Airteagal 50 4.

Maidir le húsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann ábhar íomhá, fuaime nó físe ar domhainbhrionnú é, nochtfaidh siad go ndearnadh an t-ábhar a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina bhfuil an úsáid údaraithe le dlí chun cion coiriúil a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás ina bhfuil an t-ábhar ina chuid de shaothar nó de chlár atá ar aon dul le saothar nó clár ar léir é a bheith ealaíonta, cruthaitheach, aorach nó ficseanúil, tá na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach sa mhír seo teoranta do nochtadh gur ann d’inneachar ginte nó cúbláilte den sórt sin ar bhealach iomchuí nach gcuireann isteach ar thaispeáint ná ar theachtadh an tsaothair.

I gcás úsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann téacs a fhoilsítear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail, nochtfaidh siad go ndearnadh an téacs a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina n-údaraítear le dlí an úsáid chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó i gcás ina ndearnadh próiseas athbhreithnithe dhaonna nó rialaithe eagarthóireachta ar an inneachar a ghintear le IS agus i gcás ina bhfuil freagracht eagarthóireachta ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach as an ábhar a fhoilsiú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.