+Airteagal 54 3.

Airteagal 54 3.

Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a) 

a fhíorú gur tarraingíodh suas an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn XI agus go bhfuil na hoibleagáidí uile dá dtagraítear in Airteagal 53 agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 55 comhlíonta ag an soláthraí;

(b) 

cóip den doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn XI a choinneáil ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis inniúla náisiúnta, go ceann 10 mbliana tar éis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar an margadh, agus sonraí teagmhála an tsoláthraí a cheap an t-ionadaí údaraithe a choinneáil;

(c) 

an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a sholáthar don Oifig um Intleacht Shaorga, ar iarraidh réasúnaithe ina leith, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b), chun a léiriú go gcomhlíonann sí na hoibleagáidí sa Chaibidil seo;

(d) 

comhoibriú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis na húdaráis inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, in aon ghníomhaíocht a dhéanann siad i ndáil leis an samhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear nuair a dhéantar an tsamhail a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse san Aontas.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.