+Airteagal 75 2a.

Airteagal 75 2a.

I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag údarás faireachais margaidh a bheith in amhras go ndearna soláthraí nó úsáideoir gairmiúil chóras intleachta saorga dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sárú ar an Rialachán seo, féadfaidh sé a iarraidh, tríd an bpointe teagmhála aonair ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 70(2), ar an Oifig um Intleacht Shaorga measúnú a dhéanamh ar an ábhar chun na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo go pras. Beidh réasúnú cuí leis an iarraidh agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

(a) 

ainm an tsoláthraí nó an úsáideora ghairmiúil lena mbaineann;

(b) 

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo a líomhnaítear gur sáraíodh iad, agus aon chúis leordhóthanach a bhfuil bunús maith léi chun drochamhras a bheith ann go ndearnadh sárú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar éifeachtaí diúltacha an tsáraithe líomhnaithe;

(c) 

an t-údarás faireachais margaidh a dhéanann an iarraidh.

Tabharfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga lánaird ar an iarraidh agus comhoibreoidh an t-údarás faireachais margaidh go gníomhach agus cuirfidh sé an cúnamh is gá ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga chun a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le mír 1a.

Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis an iarraidh a fháil, in iúl don phointe teagmhála aonair go bhfuil sé ar intinn aici a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 75a nó faoi na cúiseanna atá aici gan a cumhachtaí a fheidhmiú. Má chinneann an Oifig um Intleacht Shaorga a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 75a, cuirfidh sí an pointe teagmhála aonair sin ar an eolas go tréimhsiúil faoi mhórfhorbairtí sna himeachtaí agus faoi thoradh na n-imeachtaí sin, gan aon fhaisnéis rúnda a nochtadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.