+Airteagal 75a 2.
|
Airteagal 75a 2.
I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an Oifig um Intleacht Shaorga amhras a bheith uirthi nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soláthraí nó úsáideoir gairmiúil chóras intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 75(1) den Rialachán seo, féadfaidh sí cinneadh a ghlacadh tús a chur le himscrúdú ar an neamhchomhlíonadh sin i gcomhréir le hAirteagal 14(4), pointe (f) de Rialachán (AE) 2019/1020. Ar thús a chur leis an imscrúdú sin, tabharfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga fógra d’oibreoir an chórais intleachta saorga lena mbaineann. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú ar a tionscnamh féin nó tar éis gearán a fuarthas de bhun Airteagal 85 den Rialachán seo, fiú sula gcuirfidh sí tús le himscrúdú de bhun Airteagal 14(4), pointe (f) de Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás ina bhfuil cúis ag údarás faireachais margaidh amhras a bheith air nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soláthraí nó úsáideoir gairmiúil chóras intleachta shaorga dá dtagraítear in Airteagal 75(1), féadfaidh sé iarraidh a sheoladh chuig an Oifig um Intleacht Shaorga measúnú a dhéanamh ar an ábhar.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|