+Airteagal 75a 3.
|
Airteagal 75a 3.
Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na cumhachtaí a liostaítear in Airteagal 14(4), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal 74(12) agus (13) den Rialachán seo a fheidhmiú trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh. Agus faisnéis á hiarraidh aici, luafaidh an Oifig um Intleacht Shaorga bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sí an fhaisnéis a cheanglaítear, agus socróidh sí an tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis le soláthar. I gcás iarraidh shimplí, léireoidh an Oifig um Intleacht Shaorga freisin, cé nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar, i gcás freagra deonach, nach mór an fhaisnéis a bheith ceart agus gan a bheith míthreorach, agus léireoidh sí na fíneálacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá bhforáiltear in Airteagal 99(5) as faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar. I gcás ina ndéantar an iarraidh trí chinneadh, léireoidh an Oifig um Intleacht Shaorga freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 99(5) as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar agus léireoidh sí an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh. Seolfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cóip den iarraidh chuig údarás faireachas margaidh an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir nó a ionadaí dlíthiúil lonnaithe ar a chríoch.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|