+Airteagal 75c 5.

Airteagal 75c 5.

Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chun iallach a chur ar na hoibreoirí atá faoi réir a hinniúlachta de bhun Airteagal 75(1) an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

géilleadh d’imscrúdú;

(b) 

iarraidh ar fhaisnéis arna hordú le cinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 75a(3) a chomhlíonadh;

(c) 

géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh de bhun Airteagal 75a(4);

(d) 

freagraí nó mínithe cearta nó iomlána a sholáthar i gcomhthéacs cigireacht arna hordú le cinneadh de bhun Airteagal 75a(4);

(e) 

gníomhartha ceartaitheacha arna n-ordú de bhun na cumhachta a liostaítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020 a chomhlíonadh;

(f) 

gealltanais a rinneadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 75b a chomhlíonadh; nó

(g) 

cinneadh de bhun mhír (1) den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Beidh na híocaíochtaí pionóis sin éifeachtach agus comhréireach, agus, i gcás inarb infheidhme, ní rachaidh siad thar 5 % den mheánioncam laethúil ná den mheánláimhdeachas bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a cheapfar leis an gcinneadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.