+Airteagal 99 7.

Airteagal 99 7.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar aird ar an méid seo a leanas:

(a) 

cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, agus cuspóir an chórais intleachta saorga á chur san áireamh, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

(b) 

ar chuir údaráis eile faireachais margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna as an sárú céanna;

(c) 

ar chuir údaráis eile fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna i leith sáruithe ar dhlí eile de chuid an Aontais nó ar dhlí náisiúnta eile, nuair a bhíonn na sáruithe sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht chéanna nó ar an neamhghníomh céanna ar sárú ábhartha ar an Rialachán seo é;

(d) 

méid, láimhdeachas bliantúil agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;

(e) 

aon imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú;

(f) 

méid an chomhair a bhí ann leis na húdaráis inniúla náisiúnta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

(g) 

méid na freagrachta atá ar an oibreoir agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir sé chun feidhme á gcur san áireamh;

(h) 

an bealach ina bhfuair na húdaráis inniúla náisiúnta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-oibreoir an sárú in iúl, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;

(i) 

cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

(j) 

aon ghníomhaíocht a rinne an t-oibreoir chun dochar a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear a mhaolú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.