+Airteagal 101 1.

Airteagal 101 1.

Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 3 % dá láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin nó EUR 15 000 000 , cibé acu is airde, a fhorchur ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go ndearna an soláthraí an méid seo a leanas d’aon ghnó nó le faillí:

(a) 

sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

(b) 

níor chomhlíon sé iarraidh ar dhoiciméad nó ar fhaisnéis de bhun Airteagal 91, nó sholáthair sé faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach;

(c) 

níor chomhlíon sé beart a iarradh faoi Airteagal 93;

(d) 

níor chuir sé rochtain ar fáil don Choimisiún ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach nó ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a mbaineann riosca sistéamach léi d’fhonn meastóireacht a dhéanamh de bhun Airteagal 92.

Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á shocrú, tabharfar aird ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gealltanais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 93(3) nó gealltanais a rinneadh i gcóid chleachtais ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 56.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.