+Airteagal 16 2.

Airteagal 16 2.

Tar éis dó fógra a fháil, déanfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir a fhaigheann an fógra ar dtús an fógra a scaipeadh tríd an ardán tuairiscithe aonair, gan mhoill, ar na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí a bhfuil sé tugtha le fios ag an monaróir ina leith gur cuireadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch.

In imthosca eisceachtúla agus, go háirithe, arna iarraidh sin don mhonaróir agus i bhfianaise leibhéal íogaireachta na faisnéise faoina dtugtar fógra mar atá léirithe ag an monaróir faoi Airteagal 14(2), pointe (a), den Rialachán seo, féadfar moill a chur ar scaipeadh an fhógra, ar bhonn forais chibearshlándála a bhfuil údar leo, ar feadh tréimhse a bhfuil géarghá léi, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil leochaileacht faoi réir nós imeachta um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina gcinneann CSIRT fógra a choinneáil siar, cuirfidh sé ENISA ar an eolas láithreach faoin gcinneadh agus tabharfaidh sé údar leis an bhfógra a choinneáil siar chomh maith le léiriú ar cathain a scaipfidh sé an fógra i gcomhréir leis an nós imeachta scaipthe a leagtar síos sa mhír seo. Féadfaidh ENISA tacú leis an CSIRT ar fhorais chibearshlándála a chur i bhfeidhm i ndáil le moill a chur ar scaipeadh an fhógra.

In imthosca fíoreisceachtúla, i gcás ina léiríonn an monaróir san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (b):

(a) 

gur shaothraigh gníomhaí mailíseach an leochaileacht faoina dtugtar fógra go gníomhach agus, de réir na faisnéise atá ar fáil, nár saothraíodh í in aon Bhallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar thug an monaróir fógra faoin leochaileacht dó;

(b) 

gur dócha go mbeadh soláthar faisnéise mar thoradh ar scaipeadh breise láithreach na leochaileachta faoina dtugtar fógra, ar faisnéis í a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin; nó

(c) 

go bhfuil gar-riosca ard cibearshlándála ag baint leis an leochaileacht faoina dtugtar fógra, ar riosca é a eascraíonn as an scaipeadh breise;

ní dhéanfar ach an fhaisnéis go ndearna an monaróir fógra a thabhairt, an fhaisnéis ghinearálta faoin táirge, an fhaisnéis faoi chineál ginearálta an tsaothraithe agus an fhaisnéis gur tugadh an fógra ar bhonn forais slándála, a chur ar fáil an tráth céanna do ENISA go dtí go scaipfear an fógra ina iomláine ar na CSIRTanna lena mbaineann agus ar ENISA. I gcás ina measann ENISA, bunaithe ar an bhfaisnéis sin, go bhfuil riosca sistéamach ann a dhéanann difear don tslándáil sa mhargadh inmheánach, molfaidh sé don CSIRT fála an fógra ina iomláine a scaipeadh ar na CSIRTanna eile atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus ar ENISA féin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.