+Airteagal 3 5.

Airteagal 3 5.

Féadfaidh an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, in éineacht lena fhógra, argóintí a bhfuil bunús sách láidir leo a chur i láthair chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go sásaíonn sé na tairseacha go léir i mír 2, de bharr na n-imthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach sásaíonn sé na riachtanais atá liostaithe i mír 1.

I gcás go measann an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige faoina bhráid de bhun na chéad fomhíre toisc nach dtarraingíonn sé amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé diúltú do na hargóintí sin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4, gan an nós imeacht a leagtar amach in Airteagal 17(3) a chur i bhfeidhm.

I gcás go gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige argóintí den sórt sin a bhfuil bunús leordhóthanach leo ina dtarraingítear amhras go follasach ar na toimhdí i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, in ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17(3) a oscailt.

Má mheasann an Coimisiún nach raibh an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige in ann a léiriú nach sásaíonn na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn sé riachtanais mhír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh sé an gnóthas sin mar gheatóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.10.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R1925
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.