|
+Airteagal 7 2. |
Airteagal 7 2.Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla, mar pháirtithe in CEMA, i gcomhar le chéile le hiontaoibh, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, go háirithe agus malartú faisnéise iomchuí, iontaofa, uileghabhálaí á áirithiú eatarthu féin agus idir páirtithe eile in CEMA;
(b)
go nglacfaidh na húdaráis inniúla páirt i ngníomhaíocht ÚBE, agus, de réir mar is iomchuí, i gcoláistí na maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 48 den Treoir seo agus in Airteagal 116 de Threoir 2013/36/AE;
(c)
go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gach iarracht lena áirithiú go gcloífear leis na treoirlínte agus leis na moltaí arna n‐eisiúint ag ÚBE de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus freagairt do na rabhaidh agus do na moltaí arna n‐eisiúint ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );
(d)
go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le BERS;
(e)
trí na cúraimí agus na cumhachtaí a thugtar do na húdaráis inniúla, nach gcuirfear cosc ar na húdaráis inniúla sin do chomhlíonadh a gcuid dualgas ina gcáil mar chomhaltaí de ÚBE nó de BERS, nó faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|