|
+Airteagal 10 Tagairtí do chaipiteal tosaigh i dTreoir 2013/36/AE |
Airteagal 10 Tagairtí do chaipiteal tosaigh i dTreoir 2013/36/AEAirteagal 10 Tagairtí do chaipiteal tosaigh i dTreoir 2013/36/AE Déanfar tagairtí do leibhéil caipitil tosaigh a leagtar amach in Airteagal 9 den Treoir seo a fhorléiriú, ón 26 Meitheamh 2021, mar thagairtí a ghabhann ionad na dtagairtí i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais do leibhéil caipitil tosaigh a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE, mar a leanas:
(a)
déanfar tagairtí do chaipiteal tosaigh na ngnólachtaí infheistíochta in Airteagal 28 de Threoir 2013/36/AE a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 9(1) den Treoir seo;
(b)
déanfar tagairtí do chaipiteal tosaigh gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 29 nó Airteagal 31 de Threoir 2013/36/AE a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 9(2), (3) nó (4) den Treoir seo, ag brath ar na cineálacha seirbhísí infheistíochta agus na ngníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta atá i gceist;
(c)
déanfar tagairtí do chaipiteal tosaigh in Airteagal 30 de Threoir 2013/36/AE a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 9(1) den Treoir seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|