Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun critéir iomchuí a shonrú chun na catagóirí foirne a shainaithint a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Tabharfaidh ÚBE agus ÚEUM aird chuí ar Mholadh 2009/384/CE ón gCoimisiún (
11
) chomh maith le treoirlínte reatha luacha saothair de bhun Threoracha 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE, agus beidh sé d'aidhm acu an éagsúlacht leis na forálacha atá ann cheana a íoslaghdú.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.