1. I gcás ina gceapfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i ndáil le cearta aistrithe an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar an gceannaitheoir creidmheasa sin nó ar a ionadaí údaráis inniúla a Bhallstáit baile a chur ar an eolas faoi chéannacht agus seoladh an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an tseirbhíseora creidmheasa, ar a dhéanaí ar an dáta a gcuirtear tús leis na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa.