1. Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcás ina ndéanfar cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach a aistriú, nó ina ndéanfar an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin a aistriú, go ndéanfaidh ceannaitheoir creidmheasa nach bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas ionadaí a bhfuil sainchónaí air san Aontas nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas a ainmniú i scríbhinn.