+Airteagal 16 Táillí maoirseachta
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
|
Airteagal 16 Táillí maoirseachta
Táillí maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha urrúsúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh na táillí sin i gcomhréir le láimhdeachas an stóir urrúsúcháin lena mbaineann agus clúdóidh siad ina iomláine an caiteachas riachtanach a bheidh ag ÚEUM maidir le stórtha urrúsúcháin a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu maille le haisíoc aon chostas a thabhóidh na húdaráis inniúla mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 14(1) den Rialachán seo. A mhéid a thagraíonn Airteagal 14(1) den Rialachán seo d’Airteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfar tagairtí d’Airteagal 72(3) den Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí do mhír 2 den Airteagal seo. I gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó faoi Chabidil III de Theideal I de Rialachán (AE) 2015/2365, ní dhéanfar na táillí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú ach amháin chun an caiteachas breise is gá a léiriú mar aon leis na costais a bhaineann le stórtha urrúsúcháin a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu de bhun an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a mbeidh siad le híoc a shonrú tuilleadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|