|
+Airteagal 20 10. |
Airteagal 20 10.Tionscnófar na neamhchosaintí foluiteacha i ngnáthchúrsaí gnó an tionscnóra nó an iasachtóra bunaidh de bhun caighdeáin frithgheallta atá chomh dian céanna ar a laghad leis na caighdeáin a chuir an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh i bhfeidhm tráth ar tionscnaíodh neamhchosaintí comhchosúla nach ndearnadh urrúsú orthu. Maidir leis na caighdeáin frithgheallta a ngintear na neamhchosaintí foluiteacha dá mbun agus aon athruithe ábhartha a dhéantar orthu ó na caighdeáin frithgheallta a bhí ann roimhe sin, nochtfar go hiomlán do na hinfheisteoirí ionchasacha iad gan moill mhíchuí. I gcás urrúsú inar iasachtaí cónaithe iad a neamhchosaintí foluiteacha, ní bheidh aon iasacht sa chomhthiomsú iasachtaí ina hiasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht, nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir. Beidh an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE mír 1 go mír 4, i bpointe (a) de mhír 5 agus i mír 6 d’Airteagal 18 de Threoir 2014/17/AE nó, i gcás inarb infheidhme, beidh sé i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha. Beidh taithí ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh ar neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|