+Airteagal 22 Ceanglais maidir le trédhearcacht
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
|
Airteagal 22 Ceanglais maidir le trédhearcacht
Ceanglais maidir le trédhearcacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
Sula ndéanfar praghsáil, cuirfidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir sonraí statacha agus dinimiciúla maidir le feidhmíocht stairiúil i dtaobh mainneachtana agus caillteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha, amhail sonraí ar fhaillí agus mainneachtain, a bhaineann le neamhchosaintí atá comhchosúil go mór leo sin atá á n-urrúsú, chomh maith le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an dearbhú go bhfuil comhchosúlacht ann. Cumhdóidh na sonraí sin tréimhse 5 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 22 2.
|
Beidh sampla de na neamhchosaintí foluiteacha faoi réir fíorú seachtrach á dhéanamh ag páirtí neamhspleách iomchuí sula n-eisítear na hurrúis a eascraíonn as an urrúsú, lena n-áirítear fíorú go bhfuil na sonraí arna dtabhairt i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha cruinn.
|
|
Airteagal 22 3.
|
Sula ndéanfar praghsáil an urrúsaithe, cuirfidh an tionscnóir nó an t-urraitheoir samhail i gcomhair sreabhadh airgid dliteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha lena léirítear go cruinn an gaol conarthach idir na neamhchosaintí foluiteacha agus na híocaíochtaí a aistrítear idir an tionscnóir, an t-urraitheoir, infheisteoirí, tríú páirtithe eile agus an SSPE, agus i ndiaidh na praghsála cuirfidh siad an tsamhail sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach agus d’infheisteoirí ionchasacha nuair a iarrtar sin.
|
|
Airteagal 22 4.
|
I gcás urrúsú ar iasachtaí cónaithe iad a neamhchosaintí foluiteacha nó iasachtaí nó léasanna gluaisteán, foilseoidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil na sócmhainní a mhaoinítear leis na hiasachtaí cónaithe nó na hiasachtaí nó na léasanna gluaisteán sin, mar chuid den fhaisnéis a nochtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1). De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh tionscnóirí, ón 1 Meitheamh 2021, cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le drochthionchair phríomha na sócmhainní arna maoiniú ag neamhchosaintí foluiteacha ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 22 5.
|
Beidh sé de chúram ar an tionscnóir agus ar an urraitheoir a chinntiú go gcomhlíontar Airteagal 7. Cuirfear an fhaisnéis a cheanglaítear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha roimh an bpraghsáil nuair a iarrann siad í. Cuirfear an fhaisnéis uile a cheanglaítear le pointí (b) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) den Rialachán seo ar fáil roimh an bpraghsáil i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad. Cuirfear an doiciméadacht deiridh ar fáil do na hinfheisteoirí ar a dhéanaí 15 lá tar éis dhúnadh an idirbhirt.
|
|
Airteagal 22 6.
|
Faoin 10 Iúil 2021, déanfaidh ÚMEnna, trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo, i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus le drochthionchair eile chomhshaoil agus shóisialta agus drochthionchair eile a bhaineann le rialachas. I gcás inarb ábhartha, leis na dreachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar na caighdeáin theicniúla arna bhforbairt de bhun an tsainordaithe a tugadh do ÚMEnna i Rialachán (AE) 2019/2088, go háirithe in Airteagal 2a agus in Airteagal 4(6) agus (7) de, nó tarraingeofar ar na caighdeáin sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|