|
+Airteagal 26b 8. |
Airteagal 26b 8.Beidh tacaíocht ag an urrúsú ó chomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainní de, lena gcuirtear na saintréithe sonracha a bhaineann le sreafaí airgid an chineáil sócmhainne san áireamh, lena n-áirítear a saintréithe conarthacha, riosca creidmheasa agus réamhíocaíochta. Is aon chineál sócmhainne amháin a bheidh i gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha. Sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh oibleagáidí atá ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe de réir conartha, ar féidir leo dul ar iontaoibh iomlán na bhféichiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, na ráthóirí. Beidh sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe ag na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar féidir éagsúlacht a bheith ag baint le méideanna a dtráthchodanna, a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí cíosa, príomhshuime nó úis, nó le haon cheart eile maidir le hioncam a fháil ó shócmhainní lena dtugtar tacaíocht do na híocaíochtaí sin. Féadfaidh na neamhchosaintí foluiteacha fáltais a ghiniúint freisin as díolachán aon sócmhainní atá maoinithe nó atá ar léas. Ní áireofar urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, seachas bannaí corparáideacha nach ndéantar a liostáil ar ionad trádála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|